Mixed leaves

Scéim Bocsa

Cuirtear seirbhís Scéim Bocsa ar fáil dóibh seo ar mian leo táirgí a cheannacht go leanúnach. Is féidir le custaiméirí déileáil go díreach leis an ionad le na gcuid táirgí a ordú.Téann liosta den tairgiúlacht atá ar fáil amach ar ríomhphost nó ar teacs gach seachtain chucu seo atá páirteach. Tagann an t-ordú aráist mar an gcéanna nó is féidir glaoch telefón a dhéanamh chomh maith. Beidh na bocsaí réidh ag an deireadh seachtaine i gCill Ulta le piocadh suas. Tá a phraghas féin ar gach táirge agus brathann an praghas iomlán ar an mhéid a ordaíonn tú. Glacann muid le gach ordú beag agus mór. Beidh áthas orainn cluinstin ó aonduine a bhfuil suim acu ina leithéid de scéim. Deán teanghbháil linn ag nó cuir glaoch ar 074 91 80994.


Siopaí & Bialainn

Cuireann muid glasraí agus luibheanna úrnua ar fáil d’ollmhargadh Uí Ghallchóir; Siopa Mhicí i nDoirí Beaga, “McClaffertys” i nGort a’Choirce, Siopa Mhatt ar an Bhun Bheag, Centra agus “The Cope” ar An Fhálcharrach, agus “Moores” i nDún Fionnachaidh ó luath san Earrach go mall san Fhómhar.

Bíonn ár dtáirgí le feiceáil ar bhiachláir in Óstáin agus Bialainn áitiúla. Ina measc seo tá An tSean Bheairic, agus “The Loft Bar” ar An Fhálcharrach, Óstán Arnolds, Caife Arnou, “The Mill Restaurant”, agus “The Rusty Oven” i nDún Fionnachaidh, “The Cove Restaurant” i bPort na Bláiche, Óstan Caisleáin Óir agus Bialann Danny Minnie in Anagaire, Teach Sheáin Óig i nDoirí Beaga, Teach Uí Cheallaigh “The Lobster Pot” in Ailt a'Chorráin, agus Teach Leanna “Bonner's” ar An Mhullach Dhubh.


Flowering chives with a bee

Tá réimse leathan glasraí, luibheanna agus torthaí a fhás againn arís i mbliana, ina measc tá...

Bachlóga Bruiséile (Evesham Special), Biabhóg / Rubarb (Glaskin, Perpetual), Biatas, Biatas Bán, Brocailí (Romanesco), Cainneanna (Almera, Hannibal), Cál Catach (Green Curled Dwarf, Red Russian, Nero de Toscana), Cál (Gort A`Choirce, Greyhound, Golden Acre, Winningstadt, Savoy Famosa), Cóilis (All Year Round), Cúcamar (Burples Tasty Green, Crystal Lemon), Cúirséad (Nero de Milano, Atena Polka), Duilleoga Measctha, Finéal (Rondo F1), Leitís (Tivona, Red Mix), Meacan Bán, Meacan Dearg / Cairéad, Piobar (Navaho, Habanero, Capsicum, Hot Wax, Ring of fire), Oinniún, Piseanna (Onvard), Pónairí Francach (Barlotto, Cropper Teepee, Golden Teepee), Pónairí Leathana (Masterpiece Green), Pónairí Reatha (Prizewinner), Prátaí (Duke of York, Queens), Puimcín Gheimhridh (Bon Bon), Rionn Spíonóige, Roiceád, Scailliún (Parade), Seallóidí, Soilire (Utah), Spionáiste (Perpetual), Sú Talún, Toradh Paisin, Trátaí (Shirley, Sweet Million, Vanessa, Bambino, Tumbler, San Marzano / pluma), Ubhthoradh (Black Beauty).

Tá luibheanna éagsúla againn fosta...

Basal (Genovese), Borráiste Gorm, Dragan (Francach), Finéal (Coitianta), Gairleog Fhiáin, Labhandar / Lus Liath Gallda (Vera), Lemon Verbena, Lus an Choire (Coitianta), Lus na Meala Líomóide, Lus Mín (Ducat), Miontas, Máirtín Fiáin / Oragán (Gréagach), Peirsil (Catach & Leathandhuilleach), Síobhais, Sáiste, Marós / Rós Mhuire, Tím (Coitianta & Leathandhuilleach / Lus na mBrat)



Na Tithe Gloine | Cill Ulta, An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall, Éire
Guthán (074) 918 0994 or (086) 822 0404 | Ríomhphost:

Potato blossoms